Ós rud é go bhfuil pobal sách mór, nach bhfuil Béarla acu, de bhunús na hÉireann i dtíortha an réigiúin seo; gur tharraing an fóram seo a lán rannpháirtithe taobh amuigh de Mhercosur, fiú, cheana féin, agus go bhfuil gá:

-eagar a chur ar na sonraí go léir a fuarthas, -stóras na sonraí sin a eagrú, agus -eolas ar an ábhar seo a leathnú do chách, ina dteanga féin nó ina dteanga dúchais,

 tá sé beartaithe agam suíomh a chruthú ar an idirlíon ag a mbeadh na cuspóirí bunúsacha a leanas aige:

 

1.         freastal mar threoir do phobal na hÉireann thar lear, agus go háirithe i Meiriceá Theas, agus foinsí eolais ar Éirinn atá ar an idirlíon cheana féin a chur le chéile

2.         eolas agus ionad teagmhála a chur ar fáil do ghrúpaí de shliocht Éireannach sa réigiún, mar chabhair agus áis lena ngníomhaíochtaí.

3.         freastal mar ionad teagmhála do phobal na hÉireann sa réigiún

4.         malairt chultúrtha a chothú idir dhaoine agus ghrúpaí ón phobal thar lear agus in Éirinn

5.         malairt eacnamaíoch a chruthú, a chothú agus a spreagadh idir dhaoine ón phobal seo thar lear agus in Éirinn

 

Translated by Irish Goverment Translators.

Thanks very much

Contact us